What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Aoine 18 MFómh 2020
Am: 8.30pm

Bígí cinnte gan an sár-léiriú filíochta seo a chailleadh leis na filí iom- ráiteacha, Ciara Ní É, Pàdraig Mac Aoidh agus Ifor ap Glyn. Agus muid ag ceiliúradh Oíche Chultúir, tá sé feiliúnach go ndíreoidh muid ar ár dteangacha dúchais agus ar na mothúcháin a spreagann siad ionainn, a chuimsíonn téamaí na rogha, an éada/ na méine, an mheadhráin agus na todhchaí.

 

 

Ciara Ní É

Scríbhneoir Cónaithe OCBÁC 2020 í Ciara Ní É. Ise a bhunaigh an oíche ‘mic oscailte’ REIC, a mbíonn filíocht ó bhéal, rap, ceol, scéalta, agus eile le cloisteáil ann. Tá a cuid filíochta léite aici i Nua-Eabhrac, i Londain, sa Bhruiséil, sa tSualainn, agus sa bhaile in Éirinn. In 2019 ceapadh í ina hambasadóir le hÁras Scríbhneoirí na hÉireann. Foilsíodh saothar dá cuid agus aistí liteartha léi in irisí éagsúla, Icarus agus Comhar ina measc. Tá a céad chnuasach filíochta idir lámha aici faoi láthair. Roghnaíodh í don scéim ‘Introductions’ de chuid Poetry Ireland sa bhliain 2017, agus orthu siúd a choimisiúnaigh saothar dá cuid tá RTÉ TV, BBC Radio, TG4, agus The Irish Writers Centre.

 

 

 

Ifor ap Glyn

Is craoltóir agus file aitheanta é Ifor ap Glyn a bhfuil go leor duaiseanna buaite aige. Rugadh é i Londain do thuismitheoirí Breatnacha ach tá cónaí air anois i gCaernarfon. Ceapadh mar Fhile Náisiúnta na Breataine Bige é in 2016, gradam a bhronnann ‘Literature Wales’, agus is é Ifor an ceathrú file leis an ghradam sin a bhaint amach. Is é a ról é bheith ag freagairt d’imeachtaí a bhfuil tábhacht náisiúnta ag baint leo agus bheith ar an ardán ag imeachtaí agus féilte fud fad an domhain ag ardú feasachta ar scríbhneoireacht agus ar scríbhneoirí na Breataine Bige. Tá Coróin na filíochta buaite aige faoi dhó ag an Eisteddfod Náisiúnta.

Mae Ifor ap Glyn yn fardd a darlledwr arobryn. Cafodd ei eni yn Llundain i rieni Cymraeg ond mae bellach yn byw yng Nghaernarfon.Cafodd ei enwi yn bedwerydd Bardd Cenedlaethol Cymru yn 2016. Rheolir cynllun Bardd Cenedlaethol Cymru gan Llenyddiaeth Cymru. Disgwylir iddo ymateb i ddigwyddiadau o bwys cenedlaethol ac ymddangos mewn digwyddiadau a gwyliau yng Nghymru a thu hwnt i godi proffil awduron ac ysgrifennu o Gymru. Mae e wedi enill Coron yr Eisteddfod Genedlaethol ddwywaith.

 

 

 

Pàdraig MacAoidh

Is as Oileán Leòdhais sna hInse Ghall Amuigh do Phàdraig MacAoidh. D’fhoilsigh Acair a chéad duanaire filíochta Gu Leòr/Galore sa bhliain 2015 agus gearrliostaíodh é don duais Donald Meek agus don Saltire Scottish Poetry Book of the Year. Foilsíodh a dhara bailiúchán, Nàdur De ar na mallaibh. Foilsíodh a shaothar go forleathan in irisleabhair, irisí agus ar líne agus ar an raidió agus aistríodh go Gearmáinis, Fraincis, Gaeilge, Seicis, Slóvaicis agus Béarla é. Oibríonn sé mar léachtóir ag Ollscoil Chill Rìm- hinn (tar éis sealanna a chaitheamh ag obair in Ionad Filíochta Seamus Heaney, Ollscoil na Tríonóide i mBaile Átha Cliath, agus mar iriseoir craol- acháin agus léiritheoir don BBC). Tá cónaí air i nDún Éideann

‘’S ann à Eilean Leòdhais anns na h-Eileanan Siar a tha Pàdraig Ma- cAoidh. Chaidh Gu Leòr, a chiad chruinneachadh leis, fhoillseachadh le Acair ann an 2015; bha sin air gearr-li- osta na Duaise Saltire airson Leabhar Bàrdachd na Bliadhna. Tha dàrna leabhar leis, Nàdur De, air ùr-noch- dach am bliadhna-sa. Tha a chuid bàrdachd air nochdadh fad ’s farsaing ann an irisean ’s paipearan-naid- heachd agus air an rèidio, agus chaidh a thionndadh gu Gearmailteach, Frangais, Gaeilge, Seicis, Slòbhacais agus Beurla. Tha e ag obair mar oraid- aiche aig Oilthigh Chill Rìmhinn (an dèidh bliadhnaichean ag obair anns an Seamus Heaney Centre for Poetry, Colaisde na Trionaid ann am Baile Átha Cliath, agus airson a’ BhBC mar fhear-naidheachd agus riochdaire).

 

 

 

Facebook & Youtube:

Cultúrlann McAdam Ó Fiaich