Dáta: Déar 20 Feabh 2020 |
Am: 9.00rn-5.00in |
Costas: Saorchead/ Buail isteach |
Abstracts (Léirithe Teibí) is teideal don bhailiúchán ealaíne leis an ealaíontóir Dermott McQuillan (1960, Béal Feirste). De réir mar a ghluaiseann na pictiúir trí dhomhan teibíochta ina bhfuil dathanna agus cruthanna go flúirseach, cíorann sé téamaí machnaimh agus téamaí láithreachta. Trasnaíonn imireacha a chéile, tarraingítear uigeachtaí, forluíonn dathanna ar a chéile agus measctar le chéile iad le cruthanna a dhearadh a líonann an spás thart orthu. Ní bhíonn plean i bhfeidhm leis an saothar seo in am ar bith. Cruthaítear iad go spontáineach agus leatar na holaí ar an chanbhás le sceana pailéid agus le gnáthrudaí randamacha ar tháinig an t-ealaíontóir orthu. Na cruthanna agus na dathanna a thagann dá bharr an phróisis seo, cuireann siad draíocht ar shamhlaíocht an duine. Léiríonn an teibíocht atá sa nádúr acu, a d’fhéadfadh cuma trína chéile a chur orthu, spraoi ildaite atá fiú le feiceáil sna teidil atá orthu.
Ag rith ó 8/1/20 go 20/2/20
www.dmcq.es