Dáta: Déar 15 DFómh 2020 |
Am: 4.00-4.40pm |
Costas: £15 |
Cúrsa amhranaíochta don aos óg le ceoltóir iomráiteach Diane Ní Chanainn
Tá athás orainn sraith ranganna amhránaíochta a fhógairt, mar chuid d’Airneál na nÓg dírithe ar pháistí idir 6 agus 10 mbliain d’aois. Beidh an cúrsa a soláthar ar zoom agus bheirfidh sé deis do pháistí iad féin a thumadh san amhránaíocht faoi stiúr Diane Ní Chanainn. Cothaithe ag traidisiúin ársa a contae dúchais, Tír Chonaill, is amhránaí Diane Ní Chanainn a chuireann na hamhráin agus an ceol a seinneadh sna tithe céilithe san am a chuaigh thart i láthair lucht féachána na gliúne seo. Agus í óg, bhí an lámh in uachtar ag Diane sna comórtais agus éiríonn léi sna comórtais sa lá atá inniu ann fós le Comórtas Cuimhneacháin Sheáin Óig Uí Thuama buaite aici ag Oireachtas na Gaeilge. |