Dáta: Aoine 1 Beal 2020 |
Am: 8.30pm |
Cuirfear ‘eilimintí d’oidhreacht agus de chultúr na nGael ar fáil trí amhráin, ceol agus filíocht’ ar an oíche
Tá Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ag dréim go mór le hoíche cheoil den scoth a chur beo ar líne Dé Aoine an 1 Bealtaine ag 8:30pm.
Sa chéad cheolchoirm seo, Féasta na Bealtaine, beidh leithéidí Zoe Conway agus John McIntyre, Brighde Chaimbeul agus James Murchadh, Gráinne Holland, Diane Cannon agus Emma Ní Fhíoruisce i measc na gceoltóirí linn ar an oíche. Léifidh an seanchaí agus scéalaí Eithne Ní Ghallchobhair óna dán fada úr, “Múscail, a Ghiorria” agus beidh blúiríní eile filíochta ó thograí áitiúla in iarthar Bhéal Feirste fite fuaite sa cheolchoirm. Cuirfear an cheolchoirm i láthair ag an chraoltóir Caoimhe Ní Chathail.
Arsa Ciarán Mac Giolla Bhéin, Stiúrthóir Chultúrlann McAdam Ó Fiaich,
“Léireoidh an cheolchoirm iontach seo eilimintí d’oidhreacht agus de chultúr na nGael trí amhráin, ceol agus filíocht. Ba dháta tábhachtach i bhféilire na nGael é Lá Bealtaine agus déanfaidh Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ceiliúradh ar chuid d’fhéilte Ceilteacha agus Gaelacha an tsamhraidh i sraith ceolchoirmeacha beo ar líne le linn an chúpla mí amach romhainn. Tá sé tábhachtach, ag an am cinniúnach seo, tacú le healaíontóirí agus le ceoltóirí agus ardán a chruthú dóibh lena gcuid ceoil agus ealaíne a roinnt leis an phobal agus is cinnte go bhfuil siamsaíocht tuillte againn ar fad le linn na géarchéime seo. Is é ról na Cultúrlainne an t-ardán sin a sholáthar, faoiseamh a thabhairt don phobal agus dlúthpháirtíocht a léiriú le healaíontóirí.”
Tosóidh Féasta na Bealtaine ag 8:30pm Dé hAoine an 1 Bealtaine ar Facebook agus YouTube Chultúrlann McAdam Ó Fiaich. Beidh nasc PayPal ann agus cuirfear fáilte roimh shíntiúis. Rachaidh an t-airgead uilig a bhaileofar chuig na ceoltóirí agus na h-ealaíontóirí atá ag comhoibriú linn i láthair na huaire.
PayPal link: http://www.paypal.me/culturlann
Tuilleadh eolais:
Brónagh Fusco, Bainisteoir Imeachtaí: bronagh@culturlann.ie