What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Aoine 6 Noll 2019
Am: 8:00pm - 11:00pm
Costas: £10.00

Is banna ceoil iad Dàimh atá lonnaithe i nGarbhchríocha Iarthar na hAlban. Ó phoirt is chora piriteicniúla go dtí bailéid thochtmhara, léiríonn siad gach cineál ceol tíre, agus is ceart go bhfuil clú agus cáil orthu as a gcuid seónna bríomhara.

This is a great Gaelic band and definitely worthy of the title Gaelic Super Group.”

BRIGHT YOUNG FOLK

“Dàimh have carved a reputation from the bedrock of Gaelic culture… authentic Gaelic music with a modern edge and a magnificent range of expression.”

FOLKWORLD

 

Brighde Chaimbeul

Buaiteoir BBC Radio 2 Young Folk Award 2016 agus BBC Radio 2 Folk Horizon Award 2019, tá Brighde Chaimbeul, píobaire ón Eilean Sgitheanach, ar cheann de réaltaí úra na hAlban. Is cainteoir Ghaeilge na hAlban ó dhúchas í agus tá a stíl cheoil fréamhaithe ina teanga agus ina cultúr dúchais. Tarraingíonn sí inspioráid fosta ó réimse leathan stíleanna ar nós stíleanna Cheap Bhreatainn, oirthear na hEorpa agus na hÉireann.

Edel Ní Churraoin

D’fhás Edel Ní Churraoin aníos i gConamara agus í sáite i dtraidisiún saibhir ceoil agus damhsa an cheantair sin. Is damhsóir ar an sean-nós í agus seinneann sí an fheadóg stáin agus an bosca ceoil.