Dáta: Aoine 21 Meith 2019 |
Am: 7:30pm |
Bígí linn Dé hAoine an 21 Meitheamh do dhinnéar agus seó i mBia in éineacht le ceol álainn ó Tríréad an Fhiliméala.
Tríréad an Fhiliméala
Is ionann an Nightingale Trio (Tríréad an Fhiliméala) agus comhcheol sráidbhaile, suantraí éan, fíon plumaí agus rince mór faoi sholas na gealaí. Fórsa atá ag teacht chun cinn ar ardán ceoil tíre an domhain, is grúpa gutha ban é The Nightingale Trio atá dírithe ar thraidisiúin ghutha na mban sna Balcáin agus in Oirthear na hEorpa a staidéar agus a cheiliúradh. Éiríonn leis an Nightingale Trio saibhreas dosháraithe, rithimí meara agus cumhacht nádúrtha thíriúil an traidisiúin iontaigh seo a cheapadh a bhuí le cumhacht a nguthanna lena líontar hallaí go fraitheacha agus leis an chomhcheol dlúth is dual do bhanna teaghlaigh. Tá cumas scéalaíochta fite fuaite in ealaín cheoil an triúir agus trí mheán na n-amhrán, insíonn siad na scéalta taobh thiar de thraidisiúin na ndaoine agus iad ag treorú an lucht féachana ar aistear a thugann léargas ar thaithí saoil na mban. Tá léirithe déanta acu don iliomad lucht féachana ina measc Prionsa Aleksandr na Seirbia is a bhean, Banphrionsa Katharine na Gréige, agus na mílte d’éisteoirí raidió i SAM ar ‘A Prairie Home Companion’.
Fad an Imeachta: | 7:30pm - 11:00pm | Am Tosaigh | 7:30pm |