What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Aoine 9 Lún 2019
Am: 1:00pm
Costas: Saor in aisce

Agus muid ag déanamh machnaimh ar Lá Idirnáisiúnta Phobail Dúchais an Domhain, beidh plé suimiúil againn ar ár gcluichí dúchasacha agus ar ról na Gaeilge i mbunú CLG agus san athbheochan chultúrtha, in eagraíocht an lae inniu agus sna cumainn ag leibhéal an phobail.

Cathaoirleach: Cónall Ó Máirtín

Rugadh agus tógadh Conall i dTír Eoghain. Tá taithí ag Conall mar láithreoir teilifíse ar BBC agus TG4. Tá taithí aige mar thráchtaire peile ar GAA Beo le TG4 fosta. Tá dúil ollmhór ag Conall i gcúrsaí spóirt ach go háirithe cúrsaí CLG. D’imir sé lena chlub agus lena chontae féin. Tá sé go fóill gnóthach leis an pheil agus é anois mar bhainisteoir. Is céimí le dlí é Conall ó Ollscoil na Banríona, Béal Feirste agus tá sé ag obair mar mhúinteoir in Aonad na Gaeilge i gColáiste Chaitríona Ard Mhacha agus mar léachtóir i gColáiste Ollscoile Naomh Muire, Béal Feirste.

Jake Mac Siacais

Is fear posta é Jake MacSiacais a bhfuil cúigear páistí aige. Rugadh i dTuaisceart Bhéal Feirste é ach tá an chuid is mó dá shaol caite aige in iarthar na cathrach. Tá sé ag feidhmiú mar Stiúrthóir Forbairt Feirste ó bhí 2004 ann, agus tá sé mar stiúrthóir deonach ar roinnt eagraíochtaí, Fáilte Feirste Thiar agus An Cheathrú Ghaeltachta Teo ina measc. Bhíodh sé ina chomhalta ar Foras na Gaeilge agus tá sé ina ghobharnóir ar Choláiste Feirste.Tá an-dúil aige sa stair áitiúil.

Tricia Ní Chearra

Rinne Tricia céim sa Ghaeilge in Ollscoil Uladh, Cúil Raithin (2014) agus Máistreacht an Taighde (2015) ar champas Bhéal Feirste. Fuair sí scoláireacht ón AHRC PhD a dhéanamh (2015-2019) ar phróslitríocht na Gaeilge agus ar ábhar an Útóipeachais. Is bhall  í den fhoireann teagaisc in Ollscoil Uladh Bhéal Feirste go páirt aimseartha agus ag obair mar Oifigeach Gaeilge le CLG Uladh go lán aimseartha ó bhí MF 2018 ann. Mar chuid den ról le CLG Uladh, tá Tricia freagrach as cur chun cinn na Gaeilge i measc chlubanna Uladh agus ar son Chomhairle Uladh. Is Oifigeach Sheirbhíse í ar Choiste na Gaeilge agus na hOidhreachta de chuid Chomhairle Uladh,agus ar Choiste Scór Uladh. Is ionadaí Chúige Uladh í ar Choiste Náisiúnta na Gaeilge.  

Máirtín Mac Gabhann

Is iar-dhalta de Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh agus Choláiste Feirste é Máirtín agus tá céim sa Ghaeilge curtha i gcrích aige in Ollscoil Uladh chomh maith le bheith cáilithe mar mhúinteoir oillte. Is gníomhaí mór pobail agus teanga é agus é bainte le réimse tógraí lena n-airítear gobharnóir Bhunscoil an tSléibhe Dhuibh, duine be bunaitheoirí Fheile na gCloigíní Gorma, ball den Dream Dearg agus stiúrthóir ar fheachtas dheonú organ a mhac Dháithí #isdeontóirmé. Tá Máirtín ceaptha mar oibrí tionscadail é leis An tUltach agus is cathaoirleach é ar Laochr Loch Lao ó athbhuníodh é mar chumann scartha sa bhliain 2016.

  • Sonraí Imeachta
    Fad an Imeachta: 1:00pm - 3:00pm Am Tosaigh 1:00pm
  • Sonraí Foirne

    Cónall Ó Máirtín

    Máirtín Mac Gabhann

    Tricia Ní Chearra

    Jake Mac Siacais