What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Máirt 30 Iúil 2019
Am: 8:00pm
Costas: £12.00

'Féile Chláirsí Bhéal Feirste1792' le Michelle Mulcahy, Oisín Mac Diarmada, Edel Fox, Conor Connolly, Ríoghnach Connolly, Seamie O'Dowd & John Joe Kelly. Lynette Fay mar Bhean an Tí.

Imeacht ceithre lá, 11-14 Iúil 1792, a bhí i bhFéile Chláirsí Bhéal Feirste nó “The Belfast Harpers Assembly” mar a thug scríbhneoirí na linne sin air. Preispitéirigh de chuid na haicme ceannaithe a d’eagraigh mar a bhí an Dr Séamus Mac Domhnaill, Robert Bradshaw agus Henry Joy (úinéir an Belfast News-Letter, agus uncail Henry Joy McCracken). Ba é an cuspóir a bhí leis ná suim sa cheol cláirsí a athmhúscailt agus ceol na gcláirseoirí a bhailiú, agus taifead a dhéanamh ar an stíl sheinnte a bhí acu ar mhaithe leis na glúnta a bhí le teacht.

Cé go rabhthas ag súil gur athbheochan na ceirde a bheadh ann, tharla go rabhthas ag fágáil slán leis an tseantraidisiúin. Bhí duine déag de chláirseoirí i láthair. Bhí seachtar acu dall. Ba as

Doire an duine ba shine acu, Denis Hempson (1695-1807) agus é 97 bliain d’aois. Ba eisean an t-aon duine amháin acu a sheinn ar an tseanstíl ársa lena ingne. Ba é an rud a ba thábhachtaí a tharla ag an fhéile sin, thar gach rud eile, gur fostaíodh fear óg darbh ainm Edward Bunting (1773-1843) ó Chontae Ard Mhacha le ceol na gcláirseoirí a scríobh síos agus nótaí a scríobh faoina dteicnící uirlise. Dhírigh sé an chuid eile dá shaol ar cheol na hÉireann a bhailiú agus a chaomhnú. D'fhoilsigh sé trí imleabhar ceoil, a dtugtar ‘Ceol Ársa na hÉireann’ orthu le chéile. Anocht tugaimid ómós don imeacht sin agus do Bhailiúchán Bunting.”

  • Sonraí Imeachta
    Fad an Imeachta: 8:00pm - 11:00pm Am Tosaigh 8:00pm
    Complántas: Belfast Trad Fest
  • Sonraí Foirne

    Lynette Fay

    Michelle Mulcahy

    Oisín Mac Diarmuida

    Edel Ní Churraoin

    John Joe Kelly

    Connor Connolly

    Seamie O'Dowd

    Ríoghnach Connolly