Dáta: Domh 2 Noll 2018 |
Am: 12:00pm |
Costas: Saor in aisce |
Tá lá lán de spraoi, de dhraíocht agus de spiorad na Nollag beartaithe againn do Lá Teaghlaigh na Nollag!
Lá iomlán imeachtaí a chuirfidh spreagfaidh spiorad na Nollag ionat. Idir ceardlainne ealaíne agus scannáin teaghlaigh go cuairt ó Dhaidí na Nollag féin agus ceol ó Chór Loch Lao, beidh rud éigin do ghach duine sa chlann an lá seo. Fosta, fógrófar buaiteoirí an chomórtais ealaíne scoile mar chuid de Fleadh Feirste, agus beidh marógaí Nollag blasta agus scailtín fíona ar fáil ó chaife Bia.
Tá aoi speisialta againn i mbliana le soilsí Nollag na Cultúrlainne a lasadh. Beidh Dáithí Mac Gabhann linn, buachaill óg ó iarthar Bhéal Feirste agus laoch fheachtas Is Deontóir Mé. Lasfaidh sé soilsí na Nollag agus beidh deis ar an lá tuilleadh a fhoghlaim maidir leis an fheachtas le haghaidh deonú organ agus le síniu suas ar chlár na ndeontóirí fosta.
12:00pm: Scannán na Nollag
1:00pm: Ceardlann ealaíne do pháistí
1:00pm: Ceol le Ériu agus i gCaifé Bia
2:00pm - 4:00pm: Cuairt ó Dhaidí na Nollag
5:00pm: Lasadh Shoilsí na Nollag le leis an aoí speisialta Dáithí Mac Gabhann agus le ceol ó Chór Loch Lao
5:15pm: Fógra buaiteoirí chomórtas ealaíne na scoileanna
Beidh marrógaí na Nollag agus scailtín fíona ar fáil ar ó Bia le linn an lae fosta. Mince pies and mulled wine available from Bia throughout the day.
Tugaigí cuairt ar Dhaidí na Nollag in grotto na Cultúrlainne
Am Tosaigh | 12:00pm |