Is sraith féinphortráidí éAesthetic Distance a chruthaigh Vera Ryklova mar imscrúdú ar an mhian agus ar thuiscint an duine ar a nádúr féin. Anseo tá an mhian ina méan léirithe síceolaíoch a úsáideann an t-ealaíontóir le bríonna cultúrtha agus sóisialta a chíoradh mar aon le cáineadh a dhéanamh ar smaointe a gcuireann léirithe steiréitipiciúla orthu taca leo.
Ag an am sin, bhain Ryklova na daichidí amach mar bhean shingil, agus theip uirthi torthaí áirithe a thabhairt i dtír a chomhlíonfadh na hionchais a bhí aici féin agus ag an traidisiún di. Agus dúshlán sin na méine agus an choimhthís os a comhair mar thoradh air, chuaigh sí I muinín taibhléirithe os comhair an cheamra le dul i ngleic lena freagairt mhothúchánach in áit í a chur i láthair go litriúil Bhain sí leas as an choimhlint a d’eascair as an difríocht idir an fhírinne agus an rud an rabhthas ag súil leis, d’úsáid sí an taibhghrianghrafadóireacht mar straitéis le machnamh a dhéanamh ar a heispéiris óna hóige go dtí go raibh sí fásta suas.
Is léir go mbaineann an saothar le saol dlúthphearsanta Ryklova, ach cuireann sí i láthair é ar bhealach a spreagann sraitheanna difriúla léirmhínithe. Is téarma é ‘Aesthetic Distance’ a ghlac Ryklova ar iasacht ó theoiric catairsise Thomas J. Scheffer, téarma a thugann sé mar ainm ar mheon a chuireann ar do chumas eispéireas catairseach a bhaint amach.
Cuireadh a céad taispeántas aonair i láthair ag Ionad Ealaíon Triskel (Corcaigh) i 2018 agus tá taispeántas aonair le teacht aici sa Teach Custaim (Cathair na Mart) i 2021.Bhí saotharRyklova le feiceáil i go leor grúptaispeántas in Éirinn chomh maith leis an Chomhdháil Fheimineach RA-bhunaithe FILIA (Londain, Manchain). Rinneadh léirmheas ar a cuid saothair san iris ghrianghrafadóireachta Source (Grianghrafadóireacht Iarchéime 2015), bhí sé le feiceáil fosta san iris ghrianghrafadóireachta agus chultúr físiúil OVER (FUTURES 2020) agus tá sé mar chuid de Bhailiúchán Ealaíne Ollscoil na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Ar a bharr sin, rinne sí dhá grúpthaispeántas a léiriú i mBaile Átha Cliath, ag Steam Box Galleries (2015) agus ag The Complex (2017).
Is as Poblacht na Seice ó dhúchas Ryklova agus tháinig sí go hÉirinn ar thuras féinfhollasaithe agus tá sí ina cónaí agus ag obair ann ó 2007. Faoi láthair tá sí ag tabhairt faoi Mháistreacht i gComhoibriú Ealaíne agus Taighde (2021) san Institiúid Ealaíne, Deartha agus Teicneolaíochta, Dún Laoghaire. Fuair sí céim BA (le honóracha) sa Ghrianghrafadóireacht ón institiúid chéanna i 2015. www.veraryklova.com