• Imeachtaí agus Eile
  • Do Chuairt
  • Meáin
  • Físealaín
  • Cultúrlann30
  • Treoir Covid-19
  • Nuacht
  • Eolas Fúinn
  • Déan Teagmháil Linn
  • 028 9096 4180
  • Oscailte Inniu : 9am-5pm
    • GAE
    • EN
    Oscailte Inniu : 9am-5pm
    028 9096 4180
  • Nuacht
  • Eolas Fúinn
  • Déan Teagmháil Linn
    • GAE
    • EN
  • Imeachtaí agus Eile
  • Do Chuairt
  • Meáin
  • Físealaín
  • Cultúrlann30
  • Treoir Covid-19
  • Ranganna Gaeilge

    Navigation
  • Foireann
  • Stair na Cultúrlainne
  • Aidhmeanna
  • Polasaithe agus Eile
  • An Ceathrú Póilí
  • Ranganna Gaeilge
  • Bialann na Cultúrlainne
  • Forbraítear scileanna cumarsáide agus féinmhuinín agus tú ag foghlaim teanga ar bith. Tá an Ghaeilge fite fuaite le cultúr agus le hoidhreacht na hÉireann, agus tugann foghlaim na Gaeilge léargas dúinn faoinár dtimpeallacht. Ó logainmneacha go seanfhocail, tabharfaidh tú faoi deara go n-imríonn an Ghaeilge tionchar láidir ar go leor leor gnéithe den ghnáthshaol anseo.

    Ranganna i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich

    Tá réimse leathan ranganna anseo i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich a fhreastalaíonn ar gach leibhéal cumais. Más glan-tosaitheoir thú, nó má tá tú ag iarraidh tógáil ar fhoghlaim a bhí agat cheana, beidh rang againn a oireann duit.

    Tá ár ranganna foirfe do dhuine ar bith atá ag iarraidh dul ar ais chuig timpeallacht foghlama, nó do dhuine ar bith atá ag iarraidh eispéireas foghlama a bheith acu mar chaitheamh aimsire. Tá stíl chomhráiteach ag na ranganna don chuid is mó, ach clúdaíonn siad na ceisteanna gramadúla is mó, a chuidíonn le do chuid Gaeilge cibé caighdeán atá agat. Roinntear ár ranganna i leibhéil éagsúla bunaithe ar chumas, agus spreagann siad tú do scileanna teangacha a fhorbairt agus a thógáil chun bogadh ar aghaidh chuig an chéad céim eile nuair atá tú réidh.

    Is cinnte go mbuailfidh tú le cairde nua, agus go mbeidh an-chraic agat le do rang agus le do mhúinteoir agus tú ag foghlaim na Gaeilge! Cláraigh inniu!

    Cad a chuirtear ar fáil?

    Tuigimid nach mbeidh gach duine ag toiseacht amach ón phointe céanna, mar sin de tá ceithre leibhéal éagsúla againn do ranganna Gaeilge i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich. Tá leagan amach achomair ar gach rang thíos chun cuidiú leat ceann acu a phiocadh do do chumas féin.

     

    Leibhéal 1:  Glan-tosaitheoirí

    Tosaíonn gach duine áit éigin! Tá ár rang Glan-tosaitheoirí sa Chultúrlann foirfe do dhaoine nár foghlaim Gaeilge ar bith riamh agus gur mhaith leo triail a bhaint aisti. Is é an rang seo bonn den scoth do d’aistear teanga, ag cur tús leis sin le focail agus frásaí bunúsacha.

    Leibhéal 2: Tosaitheoirí

    Tá an rang seo foirfe do dhuine ar bith a bhfuil cúpla focal acu ach atá ag toiseach amach a bheag nó a mhór. Anseo, forbróidh tú do scileanna, agus foghlaimeoidh tú faoi foirmiú abairtí agus freagairt ceisteanna bunúsacha.

    Leibhéal 3: Meánrang

    Oireann Leibhéal do dhaoine atá bogtha ar aghaidh ó na céimeanna núíosacha, agus atá ag éirí níos muiníní leis an Ghaeilge. Sna ranganna seo, foghlaimeoidh tú dul cainte níos casta agus cuirfidh tú le do stór focal sa Ghaeilge.

    Leibhéal 4: Ardrang

    Tá an leibhéal seo foirfe do dhaoine atá muiníneacha lena gcuid Ghaeilge cheana, agus gur mhaith leo tógáil ar a líofacht agus a scileanna teangacha. Cuireann Leibhéal 4 béim ar úsáid na scileanna atá agat, agus ag dul ar aghaidh le forbairt teanga go neamhspleách.

    Ceisteanna Coitianta

    Cad é mar a téim chuig Cultúrlann McAdam Ó Fiaich?

    Tá Cultúrlann suite ag 216 Bóthar na bhFal, An Ceathrú Gaeltachta, Béal Feirste, BT12 6AH. Is féidir treoracha agus tuilleadh eolais a fháil ag an nasc seo.  

    Cén dóigh ar féidir liom clárú?

    Is féidir leat clárú do ranganna ar Ticketsolve agus is féidir ríomhphost a chur chuig sinead@culturlann.ie nó glaoch a chur ar 028 9096 4180 le tuilleadh eolais a fháil. Is féidir leat bualadh isteach sa Chultúrlann fosta chun clárú do na ranganna nó má tá ceist ar bith agat fúthu, más maith leat.

    Cén costas atá ar ranganna?

    De ghnáth bíonn costas £30.00 ar théarma 10 seachtain.

    Cé chomh minic agus cé chomh fada agus a bhíonn na ranganna?

    Tá trí théarma ann in aghaidh na bliana - Fómhar, Geimhreadh agus Earrach, agus de ghnáth maireann gach téarma 10 seachtain. Gheobhaidh tú eolas ar an chéad téarma eile ar an suíomh seo agus ar na meáin shóisialta.

    Cad é mar atá a fhios agam faoi mo chaighdeán féin?

    Mura bhfuil tú cinnte faoin leibhéal is fearr duit, is féidir linn cuidiú leat! Má mothaíonn tú míchompordach i rang ar bith, beidh muid sásta tú a bhogadh chuig rang eile agus tú níos compordaí ann.

    Cad a tharlóidh mura bhfuil mé reidh bogadh go dtí an chéad leibhéal eile?

    Bíonn gach duine ag foghlaim ag luas éagsúil!  Má ceapann tú gur mhaith leat fanacht ag an leibhéal céanna do théarma nó dhó sa bhreis sula bogann tú suas, tá sé sin ceart go leor! Is féidir leat dul suas go dtí an chéad leibhéal eile nuair a tá tú reidh sin a dhéanamh.

    Cad é atá de dhíth orm don rang? 

    Mura chláraigh tú ar líne beidh íocaíocht de dhíth ort ar an chéad lá don téarma, agus déan cinnte go bhfaigheann tú admháil. Seans gur mhaith leat peann agus leabhar nótaí nó clúdach a ghlacadh leat do do nótaí fosta. 

    Fán i dTeagmháil Linn

    Faigh an nuacht is déanaí maidir le himeachtaí, cúrsaí agus eile.

    Céilí na Míosa
    Cad atá ar siúl
    • Imeachtaí agus Eile
    • Do Chuairt
    • Seomraí Ar Cíos
    Déan Teagmháil Linn
    216 Bóthar na bhFál, Béal Feirste BT12 6AH

    028 9096 4180
    Like Us Follow Us
    Cóipcheart © 2025 Cultúrlann McAdam Ó Fiaich
    Céilí na Míosa | Téarmaí & Coinníollacha

    What are you looking for?