Tá Caoimhín mar Oifigeach Turasóireachta san Oifig Fáilte ó 2015. Mar Oifigeach Turasóireachta, is é Caoimhín an chéad duine a bhuaileann le daoine agus iad ag teacht fríd an doras. Tá sé freagrach as an ionad a chur chun cinn agus beidh sé in ann na ceisteanna atá agat faoin cheantar a fhreagairt gan stró. Sular ceapadh é mar Oifigeach Turasóireachta, bhí Caoimhín ina mhúinteoir le roinnt blianta in Iarthar Bhéal Feirste.
D'obair mé mar oibrí deonach leis an Chultúrlann ó 2018 go dtí go bhfuair mé post páirtaimseartha le hAisling Óg. Ansin fuair mé post mar Oifigeach Óige i 2019 agus anois déanaim bainistíocht ar chlár oideachais ilghnéithigh i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich idir ranganna Gaeilge, rang Ióga agus ranganna ceoil a reáchtáil. Ar bharr imeachtaí óige agus laethanta teaghlaigh a reáchtáil, tá mé i mo stiúrthóir ar Aisling Óg, scoil drámaíochta na Cultúrlainne, áit a ndéanaimid gach gné de na healaíona a chur chun cinn.
Tá Fionnghuala ag obair le Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ó 2001. Tá sí freagrach as cúrsaí riaracháin agus cúrsaí forbartha gnó san ionad ó shin. Le tuilleadh eolais a fháil maidir le deiseanna gnó nó maidir le fiosraithe riaracháin is féidir dul i dteagmháil le Fionnghuala.
Tá Niamh ag obair don Chultúrlann ó mhí Feabhra 2022 agus tá sí freagrach as an mhargaíocht, bainistíocht na meán sóisialta, agus as inneachair a chruthú.
Bhain Niamh céim i Litríocht agus Teanga na Gaeilge amach ó Ollscoil Uladh i 2018 agus ó shin tá sí ag obair in earnáil na teilifíse (Fleadh TV), na meán sóisialta (BLOC TG4, TG4), na bhféiltí (Liú Lúnasa, Féíle na Gealaí) agus na n-imeacht (Belfast TradFest, Liú Lúnasa) trí mheán na Gaeilge chomh lena post sa Chultúrlann.
Cé gur tháinig Emma ar bord sa Chultúrlann i mí Iúil 2023, d'oibrigh sí mar oibrí óige tríd eagraíochtaí óige Gaeilge cosúil le Glór na Móna, agus ba chuairteoir agus úsáideoir an fhoirgnimh le bliantaí anuas í. Bean a rugadh agus a tógadh in iarthar Bhéal Feirste, is oibrí óige í atá paiseanta faoin Ghaeilge, faoi na healaíona agus faoin oideachas. Beidh sí ag comhordú an chláir óige, imeachtaí teaghlaigh agus ranganna Gaeilge. Má atá ceisteanna agat maidir le hóige agus le hoideachas, déan teagmháil le Emma tríd an ríomhphost thíos.
Tá Chris ag obair mar Theicneoir Amharclainne na Cultúrlainne ó 2015. Is é an teicneoir d’imeachtaí na Cultúrlainne agus cuireann sé tacaíócht ar fáil do ghrúpaí eile atá ag baint úsáid as an Amharclann.