Buail le foireann Chultúrlann McAdam Ó Fiaich. Tá muid sásta aon cheist atá agat a fhreagairt tríd na sonraí seo thíos.
Tá Ciarán mar Stiúrthóir Feidhmeach ar Chultúrlann MacAdam Ó Fiaich ó Iúil 2019. Ina ról mar Stiúrthóir Feidhmeach, tá Ciarán freagrach as gach gnéithe den ionad a bhainistiú, idir mhíreanna gnó agus cruthaitheacha. Tá Ciarán ar Bhord Fháilte Feirste Thiar, mar Chathaoirleach ar Líonra Bhéal Feirste Thiar agus urlabhraí leis an Dream Dearg. Sular cheapadh í i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, bhí Ciarán ag feidhmiú mar Bhainisteoir Abhcóideachta le Conradh na Gaeilge.
EmailTá Aisling mar Stiúrthóir Feidhmeach ar Chultúrlann MacAdam Ó Fiaich ó Samhain 2015. Ina ról mar Stiúrthóir Feidhmeach, tá Aisling freagrach as gach gnéithe den ionad a bhainistiú, idir mhíreanna gnó agus cruthaitheacha. Tá Aisling ar Bhord Fháilte Feirste Thiar agus is ionadaí thar ceann na Cultúrlainne mar chuid de Líonra Bhéal Feirste Thiar. Sular cheapadh í i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, bhí ról ag Aisling in Iarsmalann na Breataine agus in Iarsmalann Náisiúnta na hÉireann.
EmailMar Oifigeach Ealaíona Pobail an Cultúrlainne, eagraíonn Brónagh imeacht do gach aoisghrúpa, gach cineál suime agus gach cúlra. Bhí sí mar Oifigeach Forbartha Gaeilge ar feadh sé bhliana le Glór na Móna roimhe seo, agus suíonn sí ar Bhord na Gobhnáirí ar Bhunscoil na Sléibhe Dhuibh agus ar Ghaelscoil na Móna.
EmailTá Caoimhín mar Oifigeach Turasóireachta san Oifig Fáilte ó 2015. Mar Oifigeach Turasóireachta, is é Caoimhín an chéad duine a bhuaileann le daoine agus iad ag teacht fríd an doras. Tá sé freagrach as an ionad a chur chun cinn agus beidh sé in ann na ceisteanna atá agat faoin cheantar a fhreagairt gan stró. Sular ceapadh é mar Oifigeach Turasóireachta, bhí Caoimhín ina mhúinteoir le roinnt blianta in Iarthar Bhéal Feirste.
EmailTá Pádraig mar Oifigeach Airgeadais Chultúrlann McAdam Ó Fiaich ó mhí Feabhra 2007. Tá sé freagrach as bainistiú airgeadais sa Chultúrlann. Tá Pádraig ar bhord Iontaobhas na Gaelscolaíochta agus ar bhord Chroí Éanna. Sular ceapadh é i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich bhí sé ina oifigeach airgeadais ar roinnt eagraíochta carthanachta le UFI Learn Direct, Féile an Phobail agus Playboard ina measc.
EmailTá Fionnghuala ag obair le Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ó 2001. Tá sí freagrach as cúrsaí riaracháin agus cúrsaí forbartha gnó san ionad ó shin. Le tuilleadh eolais a fháil maidir le deiseanna gnó nó maidir le fiosraithe riaracháin is féidir dul i dteagmháil le Fionnghuala.
EmailTá Chris ag obair mar Theicneoir Amharclainne na Cultúrlainne ó 2015. Is é an teicneoir d’imeachtaí na Cultúrlainne agus cuireann sé tacaíócht ar fáil do ghrúpaí eile atá ag baint úsáid as an Amharclann.
EmailTá Aoife ina heascaitheoir ar Na Bopóga ó 2017. Tá an-taithí aici mar éascaitheoir agus tá obair déanta aici i gcumainn óige, scéimeanna samhraidh agus i ngrúpaí tuistí agus tachrán.
EmailTá Tríona ag obair mar Éascaitheoir Ealaíne na nÓg sa Chultúrlann ó 2016. Tá blianta taithí aici ag éascú ceardlanna ealaíne i mbunscoileanna agus ag éascú ceardlanna le Young at Art. Tá céim aici i nDearadh ón Choláiste Ealaíne, Ollscoil Uladh.
EmailCathaoirleach: Áine Robinson
Leas-Chathaoirleach: Gearóid Ó Cairealláin
Cisteoir: Máire Mhic Aibhistín
Baill an Bhoird:
Edel Ní Churraoin
Pádraig Ó Tiarnaigh
Stephen Poever
Gabrielle Nig Uidhir
Máire Nic Fhionnachtaigh
Áine Nic Ghearailt