What are you looking for?

Open Today : 9am-5pm
028 9096 4180

Book Tickets

Date: Sun 23 Oct 2022
Time: 20:30
Price: £15

'An Cosán Draíochta' - A New Music Work in memory of Johnny Connolly

Tá ríméad ar Stiúideo Cuan a fhógairt go mbeidh An Cosán Draíochta, saothar úrnua leis an gceoltóir agus cumadóir iomráiteach Johnny Óg Connolly, in ómós dá athair, Johnny Pháraic Phíotair, ag dul ar chamchuairt náisiúnta an Fómhar seo.

Johnny Connolly; Johnny na gConnollys; Johnny Phádraic Phíotair; Johnny Phádraig Phíotair Thomáis Mhichil Thaidhg; Johnny Inis Bearachain; Sean-Johnny; Rí an Mhileoidean – is cuma cén t-ainm a luaitear leis, is é an duine céanna a thagann chun cuimhne – fear uasal, ceolmhar, gealgháireach, spraíúil a chuir spiorad agus anam sa cheol a sheinn sé, a lonraigh an seomra lena mheangadh gáire, agus a chuir rithim sheasta ar fáil do dhamhsóirí ar an sean-nós ar fud an domhain.

Le linn na tréimhse dianghlasála, bhronn Stiúideo Cuan coimisiún ar an mboscadóir clúiteach, Johnny Óg Connolly, chun saothar nua ceoil a chumadh in ómós agus i gcuimhne a Dheaide. Tá ríméad orainn go mbeidh an saothar nua seo á léiriú i gCultúrlann MacAdam Ó Fiaich ar an Domhnach 23 Deireadh Fómhair 2022. 

Ceol nua ar fad a bheas anseo, curtha i láthair ag scoth na gceoltóirí, ina measc: Clíodhna Ní Choisdealbha (bainseó), Ciara Ní Bhriain (fidil), Pádraig Ó Dubhghaill (giotár), Jim Higgins (cnaguirlisí & Pianó), Johnny Óg Connolly (bosca), Seosamh Ó Neachtain (damhsa) agus an t-amhránaí cumasach Áine Ní Dhroighneáin. 

Beidh An Cosán Draíochta á léiriú ag Darach Mac Con Iomaire, stiúrthóir cruthaitheach Stiúideo Cuan, a bhfuil aitheantas náisiúnta agus idirnáisiúnta bainte amach aige as ucht caighdeán agus cruthaitheacht a chuid oibre.

Agus muid go léir fágtha d’uireasa an cheoil bheo le fada, is deis iontach é seo don phobal áitiúil agus náisiúnta, spiorad a athmhúscailt, ardú croí a fháil, agus bheith faoi gheasa ag ceol nua an Chosáin Draíochta, i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich i mBéal Feirste.

~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~~

Stiúdió Cuan are delighted to announce that An Cosán Draíochta, a new body of work created by wellknown musician and composer Johnny Óg Connolly in honour of his father, Johnny Pháraic Phíotair will be going on a national tour this autumn.  

Johnny Connolly; Johnny na gConnollys; Johnny Phádraic Phíotair; Johnny Phádraig Phíotair Thomáis Mhichil Thaidhg; Johnny Inis Bearachain; Sean-Johnny; Rí an Mhileoidean, no matter which name he is known by, he is one and the same gentle, musical, cheerful and fun man who dedicated his spirit and soul in all the music he played, who lit up the room with his smile and provided a steady beat for sean-nós dancers the world over.  

During lockdown, Stiúideo Cuan commisioned the famous mileaoidean Johnny Óg Connolly to compose new music in honour and in memory of his father. We are delighted to present this new work in Cultúrlann McAdam Ó Fiaich on Sunday the 23rd October 2022.

It will encompass completely new music played by the best of musicians including: Clíodhna Ní Choisdealbha (banjo), Ciara Ní Bhriain (fiddle), Pádraig Ó Dubhghaill (guitar), Jim Higgins (drums& piano), Johnny Óg Connolly (bosca), Seosamh Ó Neachtain(dance) and the talented singer Áine Ní Dhroighneáin.

 An Cosán Draíochta will be produced by Darach Mac Con Iomaire, Stiúideó Cuan’s creative director who has known nationally and internationally for the quality and creativity of his work.  

 And as we were without live music for a long time, this is a fantastic opportunity for both local and national communities to reawaken the spirit and become enthralled by An Cosáin Draíochta’s new music.