Date: Sat 19 Feb 2022 |
Time: Doors @ 6:30pm |
Price: £15 (BYO) |
Is amhránaí agus ceoltóir traidisiúnta í Muireann Nic Amhlaobh as Corca Dhuibhne a bhfuil duaiseanna buaite aici. Tá sí ar dhuine de mhórcheoltóirí sean-nóis ár linne agus cuimsíonn a stór amhrán amhráin ó a lán foinsí éagsúla ceoltíre agus nuasaoiseacha. Tumadh í i dtimpeallacht shaibhir chultúrtha agus i dtraidisiún beo bríomhar agus í ag fás aníos in Iarthar Chiarraí agus bhí tionchar mhór aige seo ar a glór suaithinseach agus a fuaim uirlise.
Cumadóir amhrán iomráiteach, amhránaí agus virtuoso ar an ghiotár 6 théad agus 12 théad, tá an domhan siúlta ag Gerry O’Beirne mar cheoltóir aonair agus é ag bualadh ceoil fosta le réimse ceoltóiri aitheanta lena n-áirítear Andy Irvine, Kevin Burke, Banna Sharon Shannon agus Na Waterboys. Sheinn Gerry ag an Teach Bán, d’oscail sé don Grateful Dead agus sheinn sé giotár leictreach le Marianne Faithfull. Tá go leor dá chuid amhrán taifeadta ag amharánaithe aitheanta lena n-áirítear Mary Black, Maura O’Connell agus, ar ndóigh, Muireann Nic Amhlaoibh.
Tá Muireann agus Gerry ag seinm le chéile le breis agus 20 bliain ar ardáin timpeall an domhain agus ina mbaile dúchais, an Daingean, Contae Chiarraí. I rith na tréimshe sin, tá nasc láidir tógtha eatarthu agus tuiscint mhaith acu ar cheol a chéile. Cuimseoidh a gclár ceoil foinn agus amhráin thraidisúnta ó Mhuireann le tionlacan uatháil Gerry agus seinnfidh an bheirt cheoltóirí píosaí atá cumtha ag Gerry. Is cinnte gur oíche lán le cairdeas, ceol agus amhráin a bheas ann.