What are you looking for?

Open Today : 9am-5pm
028 9096 4180

Book Tickets

Date: Fri 9 Aug 2019
Time: 8:00pm
Price: £12.00

Oíche scéalta agus cheoil le Caoimhín de Búrca. Bhí tionchar mór ag stíl Shligigh Michael Coleman, Paddy Killoran agus James Morrison ar stíl sheinnte fidle Chaoimhín de Búrca. Mhaígh de Búrca gur bhain “buntáistí an dá thrá” léi agus meascán inti de stíl Thír Chonaill agus liriciúlacht shéimh Chontae an Chláir.

Ní bhfaighfeá fidléireacht aonarach níos fearr ná seo! Ón seanfhonn Loftus Jones de chuid Uí Chearbhallaín, go dtí an píosa clasaiceach ó Cheanada,Mouth of the Tobique, léiríonn Caoimhín de Búrca leathdhosaen stíleanna ar leith, agus é ar bharr a réime ag dul do ghach ceann acu. Téann uair an chloig thart i bhfaiteadh na súl i gcuideachta an fhir agus a fhidle, agus a scéalta faisnéiseacha agus a acmhainn shéimh ghrinn. Seinneann sé in ómós do na ceoltóirí ar fhoghlaim sé uathu i Londain, amhail Bobby Casey agus Lucy Farr, chomh maith leis na ceoltóirí ar sheinn sé leo lena n-áirítear Micheál Ó Domhnaill agus Johnny Cunningham. Le linn an tseó, tugann sé léirithe iontacha d’fhoinn Ghaelacha, idir shean agus nua: The Sailor on the Rock, The Morning Dew, The Maids of Mitchelstown, The Tolka Polka, Páidín O'Rafferty'sagus a phort féin Across the Black River.