What are you looking for?

Treoir Covid-19 do Chuairteoirí agus Grúpaí Seachtracha

Eolas ar na rialacha maidir le pasanna Covid agus freagraí ar cheisteanna coitianta

 

Ceisteanna coitianta

  1. An bhfuil an Chultúrlann oscailte?

Tá! Tá muid oscailte gach lá ó 9.00r.n seachas ar an Domhnach, nuair a bhímid druidte ar fad. Bíonn an bhialann ar oscailt 9.00r.n - 5.00i.n Luan go Déardaoin, 9.00r.n - 8.30i.n ar an Aoine, agus 9.00r.n - 5.00i.n ar an Satharn. Bíonn an siopa leabhar ar oscailt 9.30r.n - 5.30i.n Luan go hAoine agus 9.30r.n - 4.00i.n ar an Satharn. Bíonn imeachtaí agus ranganna againn san oíche – féach an Clár reatha nó na meáin shóisialta.

 

  1. Ba mhaith liom béile a ithe i mbialann Bia. An gcaithfidh mé tábla a chur in áirithe roimh ré nó an dtig liom bualadh isteach am ar bith is mian liom?

Moltar tábla a chur in áirithe ag amanna gnóthacha (am lóin agus oíche Dé hAoine) ach ní ga; is féidir teacht isteach am ar bith idir a 9.00r.n agus a 5.00i.n Luan go Déardaoin, 9.00r.n - 8.30i.n ar an Aoine, nó 9.00r.n - 5.00i.n ar an Satharn.

 

  1. Is mian liom brabhsáil i siopa leabhar An Ceathrú Póilí. An bhfuil sé sin ceadaithe? 

Tá an siopa leabhar ar oscailt arís agus is féidir teacht isteach chugainn. Is féidir leabhair a bhrabhsáil agus a cheannach ar an suíomh idirlín fosta más fusa sin. Téigh chuig https://www.anceathrupoili.com/ga/.

 

  1. An dtig liom íoc le hairgead tirim nó an gá dom cárta a úsáid sa bhialann agus sa siopa leabhar?

Glacann muid le hairgead tirim chomh maith le cártaí, sa bhialann agus sa tsiopa leabhar.

 

  1. An bhfuil Dánlann Dillon agus Na Ballaí Bána oscailte?

Tá. Buailigí isteach agus amharcaigí ar na taispeántais áille s’againn!

 

  1. An bhfuil na ranganna ar siúl san fhoirgneamh arís?

Tá cuid acu, agus tá bearta i bhfeidhm le scaipeadh an choróinvíris a mhaolú. Is féidir teacht isteach go rang Gaeilge an tSathairn 11.00r.n-1.00i.n, a dhíríonn ar an chomhrá den chuid is mó, nó chuig rang na bpinsinéirí, ‘Na Saoithe Gan Locht’, gach Céadaoin 10.00r.n-12.00i.n. Tá na ranganna ióga ar siúl san fhoirgneamh arís fosta. Tá an dá chór ar ais – Cór na mBana agus Cór Loch Lao oíche Dé Céadaoin agus oíche Déardaoin, faoi seach. Tá na ranganna oíche Ghaeilge ar siúl ar Zoom faoi láthair, ach déanfar athbhreithniú air seo sa todhchaí. Is féidir clarú do na ranganna ach ríomhphost a chur chuig sinead@culturlann.ie.

 

  1. An bhfuil ceolchoirmeacha ar siúl arís agus cad é an scéal maidir le ticéidí a cheannach?

Beidh go luath! Coinnigh súil ar na meáin shóisialta nó téigh i dteagmháil linn anseo.

 

  1. An bhfuil imeachtaí do pháistí ar siúl arís agus an gá ticéidí a fháil roimh ré?

Tá! Moltar clárú roimh ré ach ní gá; is féidir clárú ar lá an imeachta féin. Is féidir ticéidí a cheannacht ar líne, nó ríomhphost a sheoladh chuig sinead@culturlann.ie le haghaidh tuilleadh eolais.

 

  1. An gcaithfidh mé clúdach aghaidhe a chaitheamh?

Moltar clúdach aghaidhe a chaitheamh taobh istigh den fhoirgneamh nuair is féidir, de réir na dtreoirlínte is déanaí de chuid an Fheidhmeannais.

 

  1. An bhfuil scaradh sóisialta i bhfeidhm ag na himeachtaí?

Caithfidh scaradh sóisialta a bheith i bhfeidhm an t-am ar fad – iarrtar ort d’aird a dhíriú ar na comharthaí Covid atá fud fad an fhoirgnimh.

 

 11. An féidir seomra cruinnithe a fháil ar cíos?

Is féidir; ní mór do chuairteoirí spás a chur in airithe d’imeacht roimh ré más abhárach. Is féidir scairt a chur orainn ar 028 9096 4180, nó ríomhphost a sheoladh chuig caoimhin@culturlann.ie le haghaidh tuilleadh eolais.

 

EOLAS EILE:

  • Tá córas aon treo i bhfeidhm againn maidir le teacht isteach san fhoirgneamh agus imeacht amach as. Tar isteach ar an phríomhdhoras agus tiontaigh ar clé agus tar isteach chuig an fháiltiú tríd an dánlann.

 

  • Tá stáisiúin díghalráin suite fud fad an fhoirgnimh agus ba chóir do chuairteoirí a lámha a díghalrú go minic sa chás nach bhfuil áiseanna ar fáil lena lámha a ní.

 

  • Iarrann muid ar chuairteoirí gan theacht ar chuairt más rud é go raibh siad i dteagmháil le duine a fuair toradh dearfach i dtástáil Covid-19 le 10 lá anuas, nó má tá siomptóim ar bith orthu.

 

Ní mór do chuairteoirí cloí leis na treoirlínte úd agus iad ag obair nó ar cuairt san áitreabh. Déanfar athbhreithniú agus uasdátú ar na treoirlínte seo de réir mar is gá.