What are you looking for?

Seoladh Chlár Fhleadh Feirste 2021

Agus Nollaig 2021 ag druidim linn, tá muid ag tarraingt ar dheireadh bhliain chorraitheach eile ach tá lúcháir orainn go bhfuil muid ag pilleadh ar na healaíona beo de réir a chéile agus ábalta bheith ar ais i dteannta a chéile arís, agus níl am níos fearr leis sin a dhéanamh ná aimsir na Nollag. Is fleadh faoi leith í Fleadh Feirste a léiríonn bunluachanna an phobail Ghaelaigh in iarthar na cathrach mar atá an chomhpháirtíocht, an chomhbhá agus an chomhghuaillíocht. Tá lúcháir orainn gur tháinig grúpaí éagsúla le chéile le clár ildaite, ildánach agus ilchineálach a chur faoi bhur mbráid. Is de thoradh an chomhoibrithe sin a d’éirigh linn clár imeachtaí a chur le chéile a thugann léargas ar phobal fuinniúil, flúirseach, Gaelach na Ceathrún Gaeltachta agus na gceantar máguaird.

Sa bhliain chomórtha seo, déanann muid ceiliúradh ar 30 bliain ó bunaíodh an Chultúrlann agus Coláiste Feirste, mar aon le caoga bliain ó bunaíodh an chéad bhunscoil sa Tuaisceart, Bunscoil Phobal Feirste. Tugann an clár seo na forbairtí sin chun cuimhne arís le himeachtaí ar leith amhail agallamh Raidió Fáilte le Séamus Ó Tuama, Príomhoide Bhunscoil Phobal Feirste, a bhí ina dhalta ag Coláiste Feirste agus a chaith seal mar mhúinteoir ann; agus dinnéar ‘Cothaigh’, arna eagrú ag Forbairt Feirste, a bhfuil ‘Caomhnóireacht’ mar théama aige i mbliana agus an nasc idir an Chultúrlann agus Eaglais Phreispitéireach an Bhealaigh Leathain faoi chaibidil ag na haoichainteoirí.

Beidh ceol binn Bernadette Morris le cloisteáil i Muileann Mhic Con Midhe a bhuí le hÁras Uí Chonghaile agus déanfaidh Conradh na Gaeilge agallamh spreagúil leis an Ollamh Mícheál Ó Mainnín dírithe ar logainmneacha. Beidh imeacht ceiliúrtha á óstáil ag Glór na Móna a dhíreoidh ar an dlúthbhaint idir pobal agus a gceantar áitiúil, agus i nDánlann Dillon, seolfar taispeántas speisialta de shaothair ó Bhailiúchán Chomhairle Ealaíon Thuaisceart Éireann.

Díreofar an spotsolas ar na scríbhneoirí fosta, nó seolfaidh An Ceathrú Póilí leabhar nua le Darach Ó Scolaí, 'Súil an Daill', i rith na fleidhe, mar aon leis an leabhar draíochtúil 'Daidí na Nollag' a scríobh Laureate na nÓg, Áine Ní Ghlinn agus a mhaisigh Mr Ando. 

Beidh scléip na Nollag chun tosaigh go mór sa gheamaireacht, ‘An Nollaig Dhraíochta’, agus beidh an fear mór sa chulaith dhearg ar cuairt fosta, ar ndóigh. Aoi thar a bheith speisialta a lasfaidh soilse na Nollag dúinn i mbliana – Dáithí Mac Gabhann, Gael óg ó iarthar Bhéal Feirste agus laoch an fheachtais ‘Is Deontóir Mé’. Beidh an Cheathrú Ghaeltachta faoi sholas is faoi spiorad na Nollag le linn na Fleidhe agus is léiriú é Fleadh Feirste ar dhíograis an phobail ildánaigh chruthaithigh atá inár dtimpeall agus bheireann muid cuireadh croíúil duit bheith páirteach inti agus sult a bhaint aisti.

Coiste Eagrúchán Fhleadh Feirste

Dúirt Carrie Anne McAlonan McCrudden, Bainisteoir Ginéaralta Aisling Ghéar,

“Is cúis cheiliúrtha é go mbeidh Fléadh Feirste faoi lán seoil arís i mbliana. Tá muid ag súil go mór le Geamaireacht na Nollag a chur in bhur láthair, agus tá súil againn go mbaineann daoine d’achan aois sult as.”

Arsa Clíodhna Nic Bhránair, Oifigeach Forbartha, Arás Uí Chongaile,

“Tá an-áthas agus bród orainne anseo ag Áras Uí Chonghaile go mbeidh muid páirteach i bhFleadh Feirste arís i mbliana. Tá réimse leathan d’imeachtaí ar ard-chaighdeán ar siúl, agus beidh rudaí ar leith ann a bheidh fóirsteanach d’achan duine. Ba mhaith linn bhur n-aird a dhíriú ar cheolchoirm Bernadette Morris go háirithe – beidh oíche iontach ar na bacáin ansin!”

Dúirt Brónagh Fusco, Bainisteoir Imeachtaí Chultúrlann McAdam Ó Fiaich,

“Is fleadh faoi leith í Fleadh Feirste a léiríonn bunluachanna an phobail Ghaelaigh in iarthar na cathrach, mar atá an chomhpháirtíocht, an chomhbhá agus an chomhghuaillíocht. Tá lúcháir orainn go dtáinig grúpaí éagsúla le chéile leis an chlár ildaite, ildánach agus ilchineálach a chur faoi bhur mbráid.”

 

(Ceol: Brighde Chaimbeul, Edel Ní Churraoin, Jamie Murphy) 

 

Tá cóipeanna de Chlár na Fleidhe le fáil anseo.