Dáta: Sath 29 Lún 2020 |
Am: 8.30pm |
Don séú bliain as a chéile beidh an fhéile ar an imeall Liú Lúnasa ann, ach an uair seo, ar líne! Bí linn do cheolchoirm bheo ón Chultúrlann leis an bhanna ceoil Feirsteach 'Bréag'. Ag meascadh stíleanna reggae, ska, Meiriceánach Laidineach le tionchair eile, beidh an cheolchoirm seo ina bhlaiseadh iontach de ghnáth-chraic Liú Lúnasa.