What are you looking for?

Sonraí Imeachta

Dáta: Aoine 30 Aib 2021
Am:

Tá sé furasta dearmad a dhéanamh go bhfuil muid inár gcónaí i gcruinne. Ach de réir mar a smaoiníonn muid faoi, cothóidh sé suim sa spéir ionat. An chéad uair eile agus tú amuigh san oíche agus é dorcha, amharc suas ar an spéir, ar na réaltaí agus ar an Ghealach. Cad iad na ceisteanna atá agat?

 

I nGrianchóras s’againne, tá ocht bpláinéad ann (RIP Plútó!), neart fophláinéad, gealacha agus dar ndóigh an Ghrian!
Tá Grianchóras s’againn i Réaltra darbh ainm Bealach na Bó Finne. Meastar go bhfuil suas le 30 billiún grianchórais éagsúla i mBealach na Bó Finne. Síleann muid fosta go bhfuil 100 billiún réalta sa chruinne ar fad. Ciallaíonn sé seo go bhfuil an chruinne i bhfad níos mó ná a d’Oéadfaimis a shamhlú!

Grianchóras s’againn
Tá ocht bpláinéad i ngrianchóras s’againn a dhéanann fithis Qmpeall na gréine. Tá gach pláinéad éagsúil óna chéile; tá gealacha ag cuid acu, tá fáinní ag cuid eile, tá cuid acu déanta as carraig, cuid eile as gás. Tá eolas suimiúil faoi gach pláinéad ar fáil thíos.

Faigh ábhar achmhainne anseo.

Anois agus neart eolais agat faoi na pláinéid ar fad sa ghrianchóras, tá sé in am duit do phláinéad féin a dhearadh. Smaoinigh ar na ceisteanna tábhachtacha seo sula dtosaíonn tú… Anois, ar aghaidh leat!