Dáta: Sath 16 Feabh 2019 |
Am: Éagsúil |
Costas: Saor in aisce |
Tá áthas ar Chultúrlann McAdam Ó Fiaich bheith mar óstaí do chuid de na hImeachtaí ar an Imeall do na TG4 Gradaim Ceoil 2019, a bheidh ar siúl sa Waterfront ar an 17 Feabhra.
Tob-Chartlann ITMA / Gradam Ceoil TG4
10:30am - 3:00pm
Tá TG4 agus Taisce Cheol Dúchais Éireann i ndiaidh ceolchoirmeacha, faisnéis agus ábhar taca a léiríodh mar chuid de Ghradam Cheoil (1996-2018) a dhigitiú, a chatalógú agus a chur ar fáil don phobal in Éirinn agus ar fud an domhain ar líne ag www.tg4.ie/ga/clair/ gradam-ceoil/cartlann/ Beidh ITMA agus TG4 i láthair chun an TobChartlann a thaispeáint.
Ceardlanna Ceoil le Iar-Bhuateoir Gradaim
2:00pm
Ceardlann Ceoil do dhaoine óga le beirt d’iarbhuaiteoirí Ghradam Cheoltóir Óg na Bliana TG4- Clare Friel agus Liam O’Connor – Fidil – Idirmheánach, Ard-Rang.
Ní mór clárú roimh ré mar go bhfuil áiteanna teoranta. Seol ríomhphost chuig gradam@redshoe.ie
Is féidir tuilleadh eolais a fháil maidir le Gradaim Ceoil 2019 anseo agus clár iomlán de na hImeachtaí ar an Imeall a fheiceáil anseo.
Am Tosaigh | Éagsúil |
Complántas: | TG4 |