Dáta: Sath 2 Feabh 2019 |
Am: 11:00am - 4:00pm |
Costas: Saor in aisce |
Buailigí isteach chuig an Chultúrlann nuair a bheas An Ceathrú Póilí ag díol a gcuid seanleabhar is leabhair úra ar fad le margaí iontacha!
11:00am: Ceardlann Crossóga Bhríde / St. Brigid's Cross Workshop
Déanaigí crosóga Bhríde linn agus foghlaimígí faoi stair na ceirde ag an cheardlann phraiticiúil seo.
2:00pm: Seoladh Leabhar / Book Launch: 'Gáire in Éag' le Seán Ó Muireagáin
Scéalta corraitheacha suite i dtréimhse na dTrioblóidí in Éirinn. Sleamhnaigh isteach i saol fealltach an spíodóra, saol céasta an iarshaighdiúra agus saol fuarchúiseach an dúnmharfóra sna scéalta neamhbhalbha seo a saoirsíodh as inneoin bhrúidiúil an bhuailte, Béal Feirste i rith na dTrioblóidí. Beidh smailceanna agus sólaistí ar fáil.
Is féidir na leabhair seo agus go leor eile a fháil ó siopa leabhar na Cultúrlainne, An Ceathrú Póilí.
Fad an Imeachta: | 11:00am - 4:00pm | Am Tosaigh | 11:00am |
Complántas: | An Ceathrú Póilí | ||