Mar chuid de Liú Lúnasa, tá Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ag reáchtáil Dianchúrsa Gaeilge. Is bealach iontach é dianchúrsa le cur go mór le do chuid scileanna teanga taobh istigh de thréimhse ghairid ama. Cúrsa spreagúil lán eolais a bheidh ann agus bíodh geall go gcothóidh an cúrsa seo muinín ionat do chumas sa Ghaeilge a thabhairt go leibhéal eile. Tá táille £20 ar an chúrsa. Beidh na leibhéil seo a leanas ar fáil: Bunrang – Meánrang – Rang Comhrá