What are you looking for?

Book Tickets

Date Sath 2 Feabh 2019
Time: 11:00am - 4:00pm
Price Saor in aisce

Buailigí isteach chuig an Chultúrlann nuair a bheas An Ceathrú Póilí ag díol a gcuid seanleabhar is leabhair úra ar fad le margaí iontacha!

11:00am: Ceardlann Crossóga Bhríde / St. Brigid's Cross Workshop

Déanaigí crosóga Bhríde linn agus foghlaimígí faoi stair na ceirde ag an cheardlann phraiticiúil seo.

12:00pm: Ruaille Buaille Rita agus An tSnáthaid Mhór

Bígí le Máire Zepf agus Andrew Whitson ar an 2ú Feabhra. Beidh an rógaire rua Rita ag eitiIt ar a dragún chuig an Chultúrlann! Tar le castáil le Rita agus a chairde, Róbat, Sióg, Dragún, Cailleach agus Ninja. Is rógaire rua lán spiorad í Rita! Is iontach an turas atá déanta ag an tstaith leabhar RITA le cúpla bliain anuas. Cuireann samhlaíocht scríofá Myra Zepf agus léaráidí iontacha Andrew Whitson faoi gheasa muid go léir. Beidh Ááááá....mór Rita le chuinsint go galánta callánach sa Chultúrlann!

2:00pm: Seoladh Leabhar / Book Launch: 'Gáire in Éag' le Seán Ó Muireagáin

Scéalta corraitheacha suite i dtréimhse na dTrioblóidí in Éirinn. Sleamhnaigh isteach i saol fealltach an spíodóra, saol céasta an iarshaighdiúra agus saol fuarchúiseach an dúnmharfóra sna scéalta neamhbhalbha seo a saoirsíodh as inneoin bhrúidiúil an bhuailte, Béal Feirste i rith na dTrioblóidí. Beidh smailceanna agus sólaistí ar fáil.

  • Show Details
    Running Time: 11:00am - 4:00pm Start Time 11:00am
    Company An Ceathrú Póilí