Mar Bhainiteoir Imeachtaí na Cultúrlainne, deánann Brónagh comhordú agus bainisitíochta ar chlár imeachtaí tras-ealaíona na Cultúrlainne le himeachtaí do gach aoisghrúpa, gach cineál suime agus gach cúlra. Tá Brónagh ag obair in earnáil na Gaeilge agus an phobail le deich mbliain anuas agus bhí sí mar Oifigeach Forbartha Gaeilge ar feadh sé bhliana le Glór na Móna roimhe seo, agus suíonn sí ar Bhord na Gobhnáirí ar Bhunscoil na Sléibhe Dhuibh.
Tá Caoimhín mar Oifigeach Turasóireachta san Oifig Fáilte ó 2015. Mar Oifigeach Turasóireachta, is é Caoimhín an chéad duine a bhuaileann le daoine agus iad ag teacht fríd an doras. Tá sé freagrach as an ionad a chur chun cinn agus beidh sé in ann na ceisteanna atá agat faoin cheantar a fhreagairt gan stró. Sular ceapadh é mar Oifigeach Turasóireachta, bhí Caoimhín ina mhúinteoir le roinnt blianta in Iarthar Bhéal Feirste.
Tá Pádraig mar Oifigeach Airgeadais Chultúrlann McAdam Ó Fiaich ó mhí Feabhra 2007. Tá sé freagrach as bainistiú airgeadais sa Chultúrlann. Tá Pádraig ar bhord Iontaobhas na Gaelscolaíochta agus ar bhord Chroí Éanna. Sular ceapadh é i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich bhí sé ina oifigeach airgeadais ar roinnt eagraíochta carthanachta le UFI Learn Direct, Féile an Phobail agus Playboard ina measc.
D'obair mé mar oibrí deonach leis an Chultúrlann ó 2018 go dtí go bhfuair mé post páirtaimseartha le hAisling Óg. Ansin fuair mé post mar Oifigeach Óige i 2019 agus anois déanaim bainistíocht ar chlár oideachais ilghnéithigh i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich idir ranganna Gaeilge, rang Ióga agus ranganna ceoil a reáchtáil. Ar bharr imeachtaí óige agus laethanta teaghlaigh a reáchtáil, tá mé i mo stiúrthóir ar Aisling Óg, scoil drámaíochta na Cultúrlainne, áit a ndéanaimid gach gné de na healaíona a chur chun cinn.
Tá Fionnghuala ag obair le Cultúrlann McAdam Ó Fiaich ó 2001. Tá sí freagrach as cúrsaí riaracháin agus cúrsaí forbartha gnó san ionad ó shin. Le tuilleadh eolais a fháil maidir le deiseanna gnó nó maidir le fiosraithe riaracháin is féidir dul i dteagmháil le Fionnghuala.
Tá Chris ag obair mar Theicneoir Amharclainne na Cultúrlainne ó 2015. Is é an teicneoir d’imeachtaí na Cultúrlainne agus cuireann sé tacaíócht ar fáil do ghrúpaí eile atá ag baint úsáid as an Amharclann.