What are you looking for?

Cuireadh Oscailte | Clár na dTaispeántas i nDánlann Dillon & Ballaí Bána 2022

Spriocdháta d’iarratais: 1 Meán Fómhair 2021

Dánlann Dillon i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste, ar lorg iarratas ó ealaíontóirí atá maidir le saothar ealaíne balla do thaispeántais aonair nó do thaispeántais ghrúpaí do chlár imeachtaí 2022.

Cuirfear fáilte ar leith roimh mholtaí a chíorann na téamaí seo a leanas: teanga; cearta teanga; cumarsáid; cearta comhionannais agus cultúrtha.

Ba chóir d’ealaíontóirí ar spéis leo é doiciméad amháin i bhfoirm pdf a chur isteach leis an fhaisnéis seo a leanas:

  1. 6 íomhá de shaothar a rinneadh le gairid – mar aon le toisí, meán agus teidil AGUS:
  2. Litir mhínithe maille le mionsonraí teagmhála an ealaíontóra
  3. CV/Stair chleachtais ealaíne – 2 leathanach A4 ar a mhéad
  4. Moladh i gcomhair taispeántais – 500 focal ar a mhéad
  5. Beathaisnéis – 300 focal ar a mhéad

Cuirtear iarratais ar rphost chuig emma@culturlann.ie Ní ghlacfar ach le hiarratais ar rphost. Iarratais nach  dtugann an t-eolas uilig a iarrtar nó  nach bhfuil leagtha amach mar a iarrtar, measfar iad a bheith neamh-incháilithe.

Painéal amharc-ealaíon na Cultúrlainne – an Dr Aisling O’Beirn, Andrew Whitson, Seán Mackel agus Emma Berkery – déanfaidh siad na hiarratas a mheas go hanaithnid ar bhonn na híomhánna a chuirtear isteach.

Íocfar táille £500 le healáintóirí a n-éiríonn lena n-iarratas agus gearrfar coimisiún dánlainne 30% ar shaothar ar bith a dhíolfar.

Cliceáil anseo le haghaidh tuilleadh eolais ar na critéir incháilitheachta agus ar an phróiseas meaúnaithe.

Cliceáil anseo do phlean urláir Dánlann Dillon.

______________________________________________________________________________________________________________________________________

Tá Dánlann ‘na mBallaí Bána’ i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, Béal Feirste, ar lorg iarratas ó ealaíontóirí atá ag teacht chun cinn maidir le saothar ealaíne balla do thaispeántais aonair nó do thaispeántais ghrúpaí do chlár imeachtaí 2022.

Cuirfear fáilte ar leith roimh mholtaí a chíorann na téamaí seo a leanas: teanga; cearta teanga; cumarsáid; cearta comhionannais agus cultúrtha.

Ba chóir d’ealaíontóirí ar spéis leo é doiciméad amháin i bhfoirm pdf a chur isteach leis an fhaisnéis seo a leanas:

  1. 6 íomhá de shaothar a rinneadh le gairid – mar aon le toisí, meán agus teidil AGUS:
  2. Litir mhínithe maille le mionsonraí teagmhála an ealaíontóra
  3. CV/Stair chleachtais ealaíne – 2 leathanach A4 ar a mhéad
  4. Moladh i gcomhair taispeántais – 500 focal ar a mhéad
  5. Beathaisnéis – 300 focal ar a mhéad

Cuirtear iarratais ar rphost chuig emma@culturlann.ie Ní ghlacfar ach le hiarratais ar rphost. Iarratais nach dtugann an t-eolas uilig a iarrtar nó  nach bhfuil leagtha amach mar a iarrtar, measfar iad a bheith neamh-incháilithe.

Painéal amharc-ealaíon na Cultúrlainne – an Dr Aisling O’Beirn, Andrew Whitson, Seán Mackel agus Emma Berkery – déanfaidh siad na hiarratas a mheas go hanaithnid ar bhonn na híomhánna a chuirtear isteach.

Íocfar táille £300 le healáintóirí a n-éiríonn lena n-iarratas agus gearrfar coimisiún dánlainne 20% ar shaothar ar bith a dhíolfar.

Cliceáil anseo do phlean urláir na mBallaí Bána.