What are you looking for?

Glac páirt sa suirbhé agus beidh seans agat béile do bheirt i mBia a bhaint

Tá Cultúrlann McAdam Ó Fiaich tiomanta i gcónaí seirbhísí ealaíne agus cultúir ar ardchaighdeán a chur ar fáil dár bpobal, idir óg agus aosta. Ó bhí Mí an Mhárta ann, bhí sé seo níos dúshlánaí ná riamh agus muid ag seoladh fríd uisce éiginnte na dianghlasála. Ina ainneoin sin, d’éirigh linn clár cuimsitheach, spleodrach a sholáthar agus tá muid iontach buíoch as an tacaíocht agus as an dílseacht a léirigh sibh dúinn i rith na tréimhse sin.

Cuireann bhur dtuairimí agus bhur moltaí bonn eolais faoi na cláir agus na himeachtaí a sholáthraíonn muid agus anois agus muid ag ullmhú don chéad chéim eile don aistear seo, tá bhur dtuairimí á lorg arís againn. Tá suirbhé gairid curtha le chéile againn a chuimsíonn príomh-mhíreanna oibre na Cultúrlainne agus bheadh muid iontach buíoch díobh dá dtiocfadh libh 2-3 bhomaite a thógáil lena líonadh isteach. Cuideoidh sé seo linn imeachtaí níos fearr a sholáthar daoibh amach anseo! 

Cliceáil anseo don suirbhé.

Ní neart go cur le chéile, Go raibh maith agaibh!