What are you looking for?

Focal Ón Stiúrthóir

‘Ón osna is troime a thig an ceol is binne’ de réir an tseanfhocail agus cé go bhfuil ábhair bhuairimh agus imní orainn ar fad san am dúshlánach seo is tógáil croí agus meanman é an borradh cruthaitheachta atá le sonrú sa phobal i gcoitinne, ach go háirithe i measc ár gceoltóirí agus ár n-ealaíontóirí. Anseo i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, cé go bhfuil na doirsí dúnta, tá muid tiomanta don chuid is fearr den cheol, den chultúir agus d’ealaín na tíre a chur ar fáil daoibh.

Agus sibh gafa sa bhaile, is deis iontach í seo snas a chur ar bhur gcuid Gaeilge agus tá ranganna ar líne curtha ar fáil againn do gach leibhéal. Tá neart imeachtaí dírithe ar theaghlaigh agus ar dhaoine óga, scéalta iontacha le Myra Zepf agus An tSnáthaid Mhór, gníomhaíochtaí ealaíona agus ár scoil cheoil ina measc. Beidh cheolchoirmeacha iontacha á reáchtáil againn mar cheiliúradh ar na féilte Ceilteacha ag toiseacht le Féasta na Bealtaine. Is cuma cén aois thú nó cén tsuim atá agat, tá iarracht déanta againn faoiseamh agus siamsaíocht a chur ar fáil duit.Cé go bhfuil muid scartha go fisiciúil, is féidir linn a bheith le chéile fós le ceiliúradh a dhéanamh ar an fhás, ar an torthúlacht agus ar an nádúr le linn Fhéile na Bealtaine. 

Tá sé tábhachtach dúinn, ag an am cinniúnach seo go dtacaítear le healaíontóirí agus ceoltóirí agus go gcruthaítear ardáin dóibh lena gcuid ceoil agus ealaíne a roinnt leis an phobal agus is cinnte go bhfuil siamsaíocht tuilte againn ar fad le linn na géarchéime seo. Is é ról na Cultúrlainne an t-ardán sin a sholáthar, faoiseamh a thabhairt don phobal agus dlúthpháirtíocht a léiriú le healaíontóirí.

Níl sa chlár seo ach spleáchadh ar na himeachtaí spleodracha, éagsúla atá á gcur amach againn go rialta. Coinnígí súil ar ár gcuid shuíomhanna meáin shóisialta, tá rogha agus togha ann do gach duine. Bainigí sult as an chlár agus fanaigí slán!

Cliceáil ar an nasc thíos don chláir.

Clár Féile na Bealtaine 2020