What are you looking for?

Tá cúis cheiliúrtha ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich agus an duais ‘Printíseach na Bliana’ bainte amach ag Fionnuala Cush, Oifigeach Forbartha Gnó, ag na Duaiseanna Scileanna Cruthaitheacha agus Cultúrtha 2019.

Is í aidhm na nDuaiseanna Scileanna Cruthaitheacha agus Cultúrtha ná aitheantas a thabhairt dóibh siúd atá ag obair le cultúr, healaín agus hoidhreacht a chur chun cinn ar bhealaí éagsúla. Bronnadh an duais ar Fhionnuala ag ócáid i gCaerdydd ar 1 Aibreáin 2019. Bhí iarratasóirí ainmnithe ar na duaiseanna seo ó ionaid ealaíon agus cultúrtha ó na sé chontae, ón Alban, ó Sasana agus ón Bhreatain Beag as an obair a bhí déanta acu le linn printíseachtaí a rinne siad le bliain anuas.

Bhí lámh an uachtair ag Fionnuala, a thosaigh ag obair le Cutúrlann McAdam Ó Fiaich i 2016 agus í mar fhreastalaí i gcaifé na Cultúrlainne, Bia, agus ó shin ghlac sí leis an phrintíseacht agus tá sí anois fostaithe mar Oifigeach Forbartha Gnó.

Ba mhaith le gach duine i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich comhghairdeas ó chroí a ghabháil le Fionnuala, agus guímid gach rath uirthi ina gairm amach anseo.